School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean (roll number 538)
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Máire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 20. Bhí sé mar nós ag na sean daoine gan éinne a leigint amach as an dtigh fhaid abheidís ag deunamh ime go dtí go gcuirfeadh sé a láimh ar an mairrle.
Seo sgéal abhaineann leis an bpiseoíg seo:-
Bhí daoine ina gcómhnuidhe un bhaile seo, agus gach seachtmhain dheinidís an t-ím, ach ní raibh fhios aca cad abhí ag tárlú; ní fheádfaidís an t-im adheunanh. Dubhradar leis an sagart mar gheall air. Dubhairt sé leó foidhne abheith aca agus tháinig sé cun a tighe. Do líon sé buidéal de'n uachtar agus dibhairt sé paidreacha ó's a chionn. Níorbh fhada gur fhaca sé cómharsa do muinntir a' tighe agus a phictuír ar an dtaobh amuigh den bhuideál agus é ag teacht idtreó an doras. Do fuair sé bás san áit. Do bhí muinntir a' tíge go buidheach mar bhí an t-ádh leo igcómhnuidhe inadhiaidh sin.