School: Scoil na mBráthar, An Daingean (roll number 16703)
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An Br. T. Ó Maoldhomhnaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil na mBráthar, An Daingean
- XML Page 387
- XML “Cuntais ar Thoibreacha Naofa an Cheantair - Tobar Eoin”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an dtalamh réidh ach tá páirc taobh thiar de nios aoirde ná é. Níl sé ach timcheall le céad slat ó Cuan an Daingin. Ar an bhfalla atá buailte suas leis an dtobar tá golán beag agus cros bheag nach bhfuil ró órnáideach gearrtha ar a aghaidh agus na litreacha FD sgríobhtha fé bhun na croise. Seasuigheann F.D. do'n athair Debíne a bhiodh annso timcheall na bliadhna. Tá fós sgríbhneóireacht ógham ar an ngollán céadna ach níl sé ró-shoiléir toisgi bheith folluighthe go maith ag na clocha eile den bhfalla. D'airigheas go raibh cros mór ar bhárr an tobair uair ach níl cros ar bith ann anois, ach dion de stroighn. Uisge salach atá istigh san dtobar ach is ó'n maca magcuaird a thagann an salachar mar fíor-uisge a usáidtí ab'eadh uisge an tobair seo. Níl crann ag fás ná sgeach gheal ach bhí roinnt de sgeacha gheala ag fás uair taobh thiar de'n tobar ach gearradh iad le linn an tig siúinéireachta a chur suas. An Fear a órduigh na sgeacha a bhaint níl sé ach breis beag is cúig bliadna imthighthe as an áit. Sasanach ab'eadh é agus dubhairt sean-fhear liom nár dhein sé an gniomh san tré corp uilc mar duine macánta ab'eadh é. 5: Bhiodh na turusanna go dtí an tobar ar
(an 8adh lá Méadhon-Fóghmhair. Lá mór ar an )(continues on next page)- Informant
- Bean Uí Chonchubhair
- Gender
- Female
- Age
- c. 90
- Address
- An Choill, Co. Kerry