School: Breac-Cluain (B.) (roll number 16217)
- Location:
- Brackloon, Co. Kerry
- Teacher: Pádraig Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Breac-Cluain (B.)
- XML Page 504
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Bhí fear ina chomhnuidhe in áit in aice Oilean Ínse gurbh ainm do an Gearaltac.”
Bhí sé pósta agus bhí a dhriothair in a chomnuidhe leis. Lá amháin do ceannuig dhriothar an fear a bhí pósta agus ni raibh aon áit aige a cuirfeadh sé í ac i dteanta na mbac a bhí ag fear an thig. Do thosnuigeadar ag bruigean agus do rug fear an thigh ar thaobhán tighe agus do mhairbh sé a driotháir annsan do rith sé leis féin suas ar an gcnoc agus do chuaidh a bhean go dtí na Póilíní. Do chuadar á lorg agus bhíodar an oidhche go leir ar an gcnoc Do chuaidh an bhean leis na Póilíní.I lár na h-oidhche do chonaic an bhean fear aosta. D'fiafruigh sí de cad é an tam é. Dubairt sé léi gur b'é am siubhlóide na marbh é agus am codalta na mbeo. Tareis tamall mhaith do fuaradar an fear. Do tháinig an bhean abhaile agus dubairt sí leis na daoine é agus dubhradar gur'bh é anam an fear a bhí marbh a bhí ann.Fear a bhí ag fagháil bháis agus dubhairt sé le na mhac a rádh leis na comharsain go raibh sé ag fagháil bháis.. Seo mar a dubhairt sé:- A bhuachaill má imthigheann tú imthigh agus ná stad.
Beir mo thuairisg go dtí mo chomhluadar go bhfuilim go lag.
Do fhuar mo chluasa agus d'imthigh mo neart.
Agus buanacht na luatha do bhaineas de'n gcat.Eibhlín Ághas ó Chathair a' Chrotaire,Abha na Scáil a fuaradh an dá eachtra so. Tá sí 74bl:, Níor fhág a háit féin riamh.Tógadh síos iad 18adh Mhárta,1938- Informant
- Eibhlín Ághas
- Gender
- Female
- Age
- 74
- Address
- Caheracruttera, Co. Kerry