School: Breac-Cluain (B.) (roll number 16217)
- Location:
- Brackloon, Co. Kerry
- Teacher: Pádraig Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Breac-Cluain (B.)
- XML Page 511
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí gadaidhe ann fadó d'árb ainm an Gadaidhe Dubh. Aon lá amháin chuir fear geall leis ná goidfeadh sé an bharlín go bhead sé 'na luighe uirthi an oidhche sin. Fear ana shaidhbhir do beadh an fear agus chuir an gadaidhe geall dhá chéad púnt leis. An oidhche sin nuair a chuaidh an fear a chodladh thug sé gunna leis. Fúair an gadaidhe dréimire agus chuir sé fear marbh a cuireadh an lá sin taobh amuigh d'en fuinneóig. Nuair a chonnaic an fear an fear marbh cheap sé gur b'é an gadaidhe a bhí ann agus chuir sé piléar tríd. Thuit an fear anuas agus cheap an fear go raibh an gadaidhe marbh aige. Rith sé féin agus a bhean amach chun an gadaidhe do chur san iothlainn. D'fhág siad an doras oscailte mar bhí an iomad fotharaga ortha.Chuaidh an gadaidhe isteach an fhad a bhíodar amuigh agus ghoid an bhairlín. Núair a tháinigh an fear isteach chonnaic sé go raibh an bhairlín imthighthe agus bhí fhios aige gur b'é an gadaidhe a thóg í. Do theasbáin an gadaidhe an bhairlín do an lá 'na dhiaidh agus fuair sé an dá chéad púnt.
- Informant
- Máighréad Bean Uí Chathasaigh
- Gender
- Female
- Age
- 41
- Occupation
- Bean feirmeora
- Address
- Farrannacarriga, Co. Kerry