School: Luachair (roll number 10045)
- Location:
- Lougher, Co. Kerry
- Teacher: Ml. Ó Domhnaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Trághant Tráig na hInnse siar amach maiden lae Bealtaine uair ins a' t-seachtmhadh bliain agus cídhtí an cathair amuigh is na tighte is an brat os cionn a bhaile. Bhí fear misneamhail do mhuintir Séaghdha lá is do chonnaic sé an farraig traighthe amach is an chathair is an brat. D'imigh sé ar dhruim capall is do bhain sé an cathair amach is do sciob se an brat. Is bhí sé raidhte dá raineóchadh leis an brat a thabhairt leis go bhfanfadh an chathair is an áit tirm go deo arít. Ach do chonnaic bean ruadh go raibh a ceann amach tré fhuinneóig aice is i náirde cúpla steóraí i dtig.
Do lúigh sí is do bhéic sí is dubhairt - a bhailimh" A bhailim" Fhéach an brat uaithne á fhuadach do'n chathair. D'eirig an farraige láithrea a bhí tonn muir é leanúint ach tug sé na géaráin (spuir) agus an lasc dá chapall is do bhí sé a déanamh ar bharra taoide is an tonn a teacht suas leis. Díreach ar barra taoide do(continues on next page)- Collector
- Eibhlín Ní Gineáith
- Gender
- Female
- Informant
- Seán Mac Gineáith
- Age
- 89
- Address
- Lougher, Co. Kerry