School: Achadh Caisle, Caisleán Ghriaire (roll number 14767)
- Location:
- Aughacasla North, Co. Kerry
- Teacher: S. Ó Téacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tugtar Cill Eidhne ar an bparóiste seo. Do chuir Naomh Eidhne eaglais ar bun sa roilg i n-aice le Caisleán Griaire. Bhí tobar fíor-uisge sa roilg i n-aice leis an eaglais.Níl aon fhigiuirí ná sgríobhnoireacht ar bith uirthi. Níl an tobar sa roilg anois ach tá an chros ann go dtí an lá indiu. Tá an tobar shíos ins na corracha fé láthair ach tá an chros in a h-áit cheart.Nuair a bhí saighdiuirí Cromuil ag dul go dtí an Daingin, do leagadar an sean-eaglais agus do chaitheadar an chros shíos ins na páirceanna. An lá ar na bháireac, bhí an chros i n-a h-áit cheart agus bhí tobar shíos ins na páirceanna. Caitheadar síos ins na corracha arís í agus nuair a gheal an lá na dhiaidh sin, bhí sí n-a h-áit cheart arís. Bhí an tobar shíos ins an áit na raibh an chros. D'fhágadar ann é agus tá sé ann ó shion i leith.Ní thugann a lán daoine trusanna ann fé láthair ach foth-dhuine aosta. Deireann daoine go bhfuil an t-uisge go maith chun doaoine go mbíonn a súile tinn do leighisiú.(continues on next page)
- Collector
- Tadhg Ó Conchubhair
- Gender
- Male
- Address
- Carrigaha, Co. Kerry
- Informant
- Sean Thomás Mac Carthaigh
- Gender
- Male
- Age
- 75
- Address
- Carrigaha, Co. Kerry