School: Achadh Caisle, Caisleán Ghriaire (roll number 14767)
- Location:
- Aughacasla North, Co. Kerry
- Teacher: S. Ó Téacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An mhaighdean mara a tugtar uirthe san áit seo. Leath-bhean agus leath iasg iseadh í. Tagann sí aníos an ar cairrgheacha istoidhche.
Tagann an rón aíos ar na cairrgheacha istoidhche agus bíonn sí ag gol. Deireadh an mhaighdean mara "Tadhg atá um lorg" agus teigheadh sí cun na h-áite na mbíod sé. Bíonn brat ar an maighdean mara.
Bhí fear ins an Machaire d'arbh ainm do Ághasach, agus chonnaic sé í. Nuair a tháinig sí isteach ón bhfarraige do bhain sé a cochall draoidheachta dí agus do rug sé leis abhaile í. Do chaith sé siar i lochta e agus do phós sé í. Bhí triúr leanbh aca agus mhaireadar seacht mbliana i bhfochair a céile. Pé rud a bhí sé ag lorg i gcionn na seacht blian san lochta tháinig sé treasna de'n cochal. Caith sé anuas de'n lochta í. Nuair a chonnuic sí é, do gáir sí agus níor gáir sí riamh ar feadh na seacht bliana roimis sin. Nuair tháinig an fear anuas, chuaidh sé amach agus níor dhein sí aon nídh ach an(continues on next page)- Collector
- Nóra Ní Gearailt
- Gender
- Female
- Address
- Aughacasla North, Co. Kerry
- Informant
- Bean Mhic Gabhann
- Gender
- Female
- Address
- Illauncaum, Co. Kerry