School: Barrow (roll number 11850)
- Location:
- Barrow, Co. Kerry
- Teacher: Ml. Ó hUallacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Barrow
- XML Page 171
- XML “Cur agus Baint na bPrátaí Anseo”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)annso. Bainntear iad le h-inneall bainte (prátáí ins na drilleanna), agus lé rainn (prataí ins na leabtacha). Bionn meitheall ag an bhfeirmeóir lá bainnte na bprataí. Cuirtear a bhfurmhór, i bpuill amuich sa ghort, tuighe ós a gcionn agus cré ar an dtaobh amuich.Deineann na daoine annso cuid maith airgid do phrátáí, mar tugan siad isteach go margadh Thráighlí iad. Sin é an slíghe atá ag na daoine bochta (sglámhaidhthe) annso, maidir lé roinnt bheag airgid a dheineann suas ag ollmhoí (?) lonnga gráinne, adhmaid, (?) a thagan isteach go Fianait.Siad na saghasanna prátaí a cuirtear annso ná - Epicures, Champions, British Queens, Blacks, Kerr Pinks, agus Beauties.M. Ó hUallacháin
Oide
Sgoil ana bheag iseadh an sgoil seo. Níl ach 22 daltaí ar na rollaí agus díobh san níl ach seisear ins na h-árd rannga (V go VII). Cídhfear dá bhrígh sin nách féidir mórán oibre do dheanamh i líonadh an leabhair seo. Tá a ndícheall deanta ag na daltaí maidir le soláthar sgealta- Collector
- Mícheál Ó hUallacháin
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir