School: Barrow (roll number 11850)

Location:
Barrow, Co. Kerry
Teacher:
Ml. Ó hUallacháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0438, Page 179

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0438, Page 179

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Barrow
  2. XML Page 179
  3. XML “An Ceantar Anseo”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    rudaí i bhfolach istigh sa poll so. Línn no poll doimhin uisge cois trágha iseadh Poll Gorm. Tugtar an ainm sin ar mar tá dath ana ghorm ar uisge an Phuill.
    An Rós, Oileán na Coise, agud Mucroch -- carraigeacha mora, deighilte ó na chéile amuigh sa bhfarraige seadh iad so. Tá Mucroch cheithre mhíle ó thalamh. Tugtar Poll a t-Úcaire ar poll eile mar go mbíodh a lán úcairí lé fághail ann uair, ach níl puinn díobh le fághail ann anois. Aith mhaith iascaireachta an áit seo, ach níl puinn iascairí ann, ná aon ghléiseanna fóghantha acu ach oiread. Tá cúpla saighne san áit agus roinnt spilleír -- feirmeóirí beaga agus sglámhuighthe is mó a bhíonn gabháil leo -- marbhuígheann siad -- pullóga, imléid, leitheóga, bric gheala agus mar sin. Pé iasg a bhíonn acu díolann said é tímcheall na h-áite, dul ó thig go tig.
    Níl puinn iarsmaí de'n t-sean-shaoghal sa cheanntar so, taobh amuich de dhá chaisleán, agus fothrach shean theampaill, a thog Naomh Breanndán adeirtear, An teampaillín a tugtar ar an bpáirc ina bhfuil duideamh (?) air. Níl aon phioc de na sheasamh anois, ach tá an bonn ann fós. Tamall de bhliadhanta o shoin cuirtí leanbhaí óga gan baisteadh ann, ach
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Location
    Barrow, Co. Kerry
    Collector
    Mícheál Ó hUallacháin
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir