School: Baile na hEaglaise (Chapeltown)
- Location:
- Chapeltown, Co. Kerry
- Teacher: Mícheál Ó hAiniféin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ó Seán Ó Súilleabháin go raibh comhnuighe air i mBaile-na-hEagloise in aice na Scoile seo a fuaireas na giotaí beaga so sa bhliadhain 1920. Bhí sé 73 bliadhna fé'n am san agus cailleadh é 12 bliadhna ó shoin. Ní raibh sé in ann sgríobhadh ná leigheamh ach bhí Gaodhlinn bhriste aige.
(a) "Addition a chealg thú is a chráidh do chroidhe
Addition a leanfaidh thú go raghair 'an Chill
B'usa liom an Mhucallach a thabhairt i dtír
Ná Addition a chur ceangailte id mháinléad cinn."Sean-mháighistir scoile in Árd-Fheorta a raibh dalta dúr á mhúineadh aige a cheap an ruacán san do, a dubhairt sé liom. Carraig mhór árd amuigh sa bhágh annso, seadh an Mhucallach.
(b)Tosach long clár
Tosach átha clocha
Tosach Flatha Fáilte
Tosach sláinte codhladh
Deire long í bháthadh
Deire atha í losgadh
Deire flatha cómeadh (?)
Deire sláinte osna
(c)Ó raghaimíd ag ól is a' pógodh na mban
Ó raghaimí ag ól is a' rinnce le ceól
Is is breagh bheith ag ól
Is a pógadh na mban.(continues on next page)- Collector
- Míchéal Ó hAiniféin
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Seán Ó Súilleabháin
- Gender
- Male
- Address
- Chapeltown, Co. Kerry