School: Na Corráin (roll number 9938/9)
- Location:
- Currans, Co. Kerry
- Teacher: Cormac Ó Muircheartaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Na Corráin
- XML Page 148
- XML (no title)
- XML “Scéalta Grinn i dtaobh Eoghain Rua”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Fear gur cheap na daoine go raibh sé droch-bheathach cuireadh cóid air ar teacht thar-nais ón tsaoghal eile.”
Fear gur cheap na daoine go raibh sé droch-bheathach cuireadh cóid air ar teacht thar-nais ón tsaoghal eile.
Seo mar dubhairt sé :-
“Mise Cian na mbeann óir
Ba shia mo lón ná mo shaoghal;
Níor chuireas aoinne as mo thig,
Agus níor cuireadh mé as tig Dé.”- Collector
- Cormac Ó Muircheartaigh
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- Currans, Co. Kerry
- Informant
- Mícheál Ó Conchobhair
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Address
- Buaile Uí Chuill, Co. Kerry
- Bhí beirt shagart ag teacht ó “Station” agus chonnacadar Eoghan na gcoinnibh sa bhóthar agus dubhairt duine acha leis an duine eile go gcuirfioís aigneas air. Nuair do bhuailiadar len a céile do bhí préachán dubh shiar ar a bpáirc, tamall uatha agus “hác hác “ aige.
Cad tá ag an bpréachán úd thuas á rádh arsa duine acha le Eoghan.
“Nuair a thiocfaidh a’ míol mór ar an Maing
Nuair a thiocfaidh a’ fhrainc ar Shliabh Mis
Nuair a chaillfidh na sagairt an tsainnt
Ansan ‘Seadh thiocfaidh a’ chainnt do’n bhfiadhach dubh”.
Bhíodhar lá eile a’ “Station” i dtig pé áit é , agus thánaig Eoghan isteach go dtí an “Station” ar nós gach duine , lá bog fluich a bheadh é(continues on next page)