School: Anabla
- Location:
- Anablaha, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Timcheall céád slat ó Oifigh an Phuist i bparoíste Cill-Chuimín tá cros dheas déanta de mharmar agus cloch-aoil.Do cuireadh ar bun í timcheall cúig bliadhna deug ó shoin. Ar an gcrois seo tá sgríbhinn í mbearla agus gaodhluinn. Mínigheann an sgríbhinn seo an chúis gur cuireadh ar bun í. Is i Lios an Aifrinn atá an chros suidhte. Tá Lios an Aifrinn i bhfeirm Shéumais Plémionn i mbaile Ráthfhionáin." Do cuireadh an chros seo ar bun mar cómhartha ar an áit in a mbíodh an t-aifreann dá léigheamh. Le linn an droch shaoghail nuair ná bíodh díon ná slínn ós cionn Altróra Dé nuair a bhíodh saighdiúirí an rí ar thóir an bhobail. "
Seo a bhfuil sgríbhte ar an gcrois agus sagart darb baile dúthchais an paróiste seo Cill-Chuimín d'órduigh an chros seo do chur ann.Tagann mórán daoine ó am go ham chun an chros seo d'fheiscint. Timcheall na croise tá ráil iarainn agus ní féidir le h-aoinne dul isteach gan dréimre. Coimeádann an ráil seo na h-ainmhidhthe amach freisin. Tháinig creachadóirí ó Ameiricha cúpla bliadhain ó shoin agus tógadar(continues on next page)