School: Ráithín (C.) (roll number 9384)
- Location:
- Raheen, Co. Kerry
- Teacher: Peig, Bean Uí Chróinín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ráithín (C.)
- XML Page 050
- XML “Seachain an Cúinne”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Seachain an Cúinne
Tá teach tábhairne ar a dtugtar “Seachain an Cúinne” suidhte ar Chrois bóthair leath-slighe idir Baile-Mhúirne agus Mágh Cromtha. Ag seo im’ dhiaidh an fáth gur tugadh an t-ainm sin air.
Bhí feirmeóir ‘na chomhnuidhe gairid do’n áit agus ní ró-mhaith a réidhtigheadh sé féin agus a bhean le chéile. Thagadh tachta de chineál éigint ar an mnaoi agus bhíodh sí gan tapa na brígh go cionn tréimhse. Lean an tacht ar feadh cúpla lá uair amháin, agus mheasadar go raibh an t-anam imthighthe aisti. Deineadh faire ar feadh oidhche agus ní miste a rádh nach brónach ach geal-gháireach a bhí an fear. D’imthigh an t-socraid cun na roilige lá’r na bhárach agus ag teach ósta an chúinne buaileadh an cófra i gcoinnibh falla an tighe. D’imthigh an tacht de’n mhnaoi agus thosnuigh sí ag liúrigh ‘s ag screadaigh.
Chásadar agus bhaineadar amach an baile ath-uair agus b’ag an bhfear a bhí an croidhe briste.
Mhair an bhean seacht mbliain ‘na dhiaidh sin agus annsan cailleadh í. Nuair a bhí an socraid ag gabháil thar an teach cúinneach scread an fear agus dubhairt le na lucht beirthe an chófra “Seachain an cúinne!” Tá an t-ainm sin(continues on next page)- Informant
- Finghín Mac Cárthaigh
- Gender
- Male
- Age
- 95
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Clydaghroe, Co. Kerry