School: Cnoc na Bró
- Location:
- Knocknabro, Co. Kerry
- Teacher: Mícheál Ó Scannaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cnoc na Bró
- XML Page 555
- XML “Rí na bhFear Gorm”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Rí na bhFear GormDo bhí Fionn Mac Cumhaill lá ag imirt liathróide ar Tráig Fionntrágha. Nuair a thóg sé a cheann do chonnaic sé chuige isteach an bád agus triúr fear innti. Do thánadar I dtír agus d’fhíafruigeadar de Fhionn cá raibh na Fianna.
“Cad é bhur gnó leis na Fianna” arsa Fionn. “Cun dul cun catha leo” ar síad agus dubhradar annsan nách féidir arm iad féin do mharbhú agus nách féidr teine iad dhóghadh ná uisce iad do bháth. Annsan chun é sin do chur in iúl do Fionn do chur duine acu a cheann ar bloc agus dúbhairt sé le Fionn buille dá claidheamh do bhualadh air, ach nuair a bhúail sé an ceann níor féidir leis é do marbhú. Annsan dhein Fionn teine agus chuir sé na bfear isteach innti, ach níor féidir leis an teine iad do dóghadh. Annsan do thóg sé íad amach ‘san bhfairrge feachaint an bádhadh(continues on next page)