School: Gleann Fleisge
- Location:
- Glenflesk, Co. Kerry
- Teacher: Donnchadh Ó Spiolláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gleann Fleisge
- XML Page 915
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Mo grád is mo laogh tú agus dé bheatha cughain.”
(continued from previous page)Ar luighe id clúid is gan tú liom ceangailte.V1.
Seán mo pháirt-se is mo grádbh feasta anois
Agus glaoidh ar Dhia ‘nois go dian cun t’anama
An Maighdean Naomhtha na chéile is fearra dhuit
Cun bheith id’ shaoradh is daortha an t-anamaV11.
(An Fear)
Ní shéanfad-sa do pháirt ná do grádh faid a mairfí thú
Ná t’réis naoi mblian t’réis dul don talamh dom
Is fíor go deimhin go mfearr liom agam tú
Ná an dá aspal déag a’ teacht a saoradh m’anamaNóta
Buachaill a bhí go mór le cailín i nGleann Fleisge fadó súas le dá céad blian ó shoin agus do cailleadh an bhuachaill. Tamaillín in dhiaidh sin pósadh an cailín le fear eile. Ach oidhche na bhainise thánaig an bhuachaill marbh cuiche agus thárla an cómhradh seo eatorra. Níor chómhnuig sí leis an fear eile in ao’ chor annsan agus do cailleadh í sar i bhfad agus do cuireadh í in aice an bhuachalla i gCill Átha. Agus tá sé ráidhte gur fhás dhá crann as an dá uaig i bh’fuirm arch treasna ar a chéile.