School: Gleann Fleisge
- Location:
- Glenflesk, Co. Kerry
- Teacher: Donnchadh Ó Spiolláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Diarmuid ‘Ac Séamus an FileBhí file ‘na chómhnuige annso i nGleann Fleisge suas le céad blian ó shoin nó mar sin agus Díarmuid Ó Conchubhair ab ainm dó ach Díarmuid ‘ac Seamuis a glaoidtí air. Do chómhnuig sé i gCuimín-a-bhric láimh leis an teorainn idir Chiarraighe agus Corcaighe. Do phós sé bean de mhuinntir Scannaill aduaidh ó’n Ráth Mhór. Bhí sé cómhgarach i ngaol le Finghín agus Tadhg Ó Scanaill an filí agus thagaidís a duaidh thar cnoc go minic á fiosrú. Thánaig duine aca – tá sé ráidhte gurbh é Finghín a bhí ann isteach cuice lá cruaidh fúar earraig agus do shuidh sé in aice na teine. D’fhiafraig sé dhi cá raibh fear a’ tighe agus dubhairt se go se amuig a’ d’iarraidh ag teacht cun an doras leis an gliseán móna do labhair Finghín sa cuinne agus dubhairt sé
“Tá an file seo na asal mar measaim
Ag tarrac na móna cugainn” ac d’freagair Diarmuid mar seo “Is cun loirgne bacaig do bhreacadh do ceapadh an mhóin ar dtúis.”