School: Cromán (C.) (roll number 12821)
- Location:
- Cromane, Co. Kerry
- Teacher: Caitlín Bean Uí Shiodhacáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cromán (C.)
- XML Page 264
- XML “Mo Cheantar Féin”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Táim im' cónuidhe i nDúcha.
Tá sé suidhte i baróiste Cill-Orglan agus i mbarúntacht Uibh Ráthaig.
Tá triocadh tighthe ann anois agus bhí an méid céudhna ann fadó cé go bhfuil ceithre seana cabhlach san áit.
Glaodhtar an t-ainm sin air mar gheall ar an oiread san cnochán agus bainncí gainimhe a bheith ann.
Níl mórán seandaoine a bhfuil Gaedhilge 'na bheathig san áit anois.
Seo iad na n-ainmneacha -
Sean Ó Foghladha,
Proinseas Ó Connmhaighe agus
Séamus Ó Búrcaig.
Tá Gaedhilge go blasta acu agus is féidir leó scéalta d'innsint i nGaedhilg.
Fadó ba gnathach le muinntir na h-aite seo dul go dtí America.
Talamh réidh atá ann agus tá cuid mhaith de fé mhoin.
Tá abha beag ar a glaodhtar "an caol" ag rith tríd.
Traochann an abha san Loch i nGainimh Bháin go dtí Abha Cárthaighe.Luighseach Ní Chonnmhaighe.
Dúcha.Fuaireas an chunntas so ó :-
Pronchais Ó Chonnmhaighe,
Dúcha.
A Aoise - 89b.
A Ghairm-bheatha - Feirmeóir.
Cár tógadh é - Glaise, Cromán, Cill-Orglan- Collector
- Luíghseach Ní Chonnmhaighe
- Gender
- Female
- Address
- Dooaghs, Co. Kerry
- Informant
- Pronchais Ó Connmhaighe
- Gender
- Male
- Age
- 89
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Dooaghs, Co. Kerry