School: Bun Inbhir (Bunaneer) (roll number 10241/2)
- Location:
- Bunaneer, Co. Kerry
- Teacher: Siobhán Ní Chonchubhar
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Laetheannta na Riabhaiche
Laetheannta na Riabhaiche siad na trí laetheannta deiridh den Mhárta, nó an chéad trí lá den Abrán. Níl aon deimhin ar cioca mí de'n dá mhí go mbaineann na laetheannta so léi ach is deimhin go mbainid le mí éigin den dá mhí sin.
Is minic a d'airigheas gur le Abrán a bhainid. Seo mar a tugadh "laetheannta na Riabhaiche ortha an chéad lá; bhí bó riabhach ann uair fadó agus rug Márta an-fhuar agus an-gharbh uirthe. Fuair sí a dóithin de'n aimsir agus d'réir deallraimh is ar éigin a rug sí a h-anam léi ach pé scéal é fuair sí an buadh ar an Márta san agus nuair a rug an chéad lá de'n Abrán airthi cheap sí go raibh sí saor ó bhaoghal feasta.
Do léim sí as a corp agus do labhair go neamhspleádhach agus a dúbhairt a Mhárta fhealltamhail, dá déine thugais fúm, níor fhéadair deireadh a chur liom agus anois ó tá an t-Abrán bog braonach tagaighthe, is beag é mo bheann ort"(continues on next page)