School: Cuileannach (B.) (roll number 1199)
- Location:
- Cullenagh Upper, Co. Kerry
- Teacher: Peadar Ó Cochláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)D'ionnsuigh na daoine timcheall na h-áite Art acht do ghaibh sé ceann aca agus choiméad sé é san gcaisleán mar ghiallach. Mar sin choiméad Art ó Conchubhair ar caisleán go dtí an t-eirighe amach sa bhliadhain 1798.Tar éis an eirigthe-amach sa bhliadhain 1798 b'éigean d'Art Ó Conchubhair teicheadh ó'n dtír agus do chuir sé fé san bhFrainnch. Ach choimead a mhuinntear an caislean agus nuair a bhí gach rud go ciuín socair arís do dhíoladar é.Do chonnaic duine de mhuinntear Mhathghamhna a bhí mar oifigeach in airm na Sasanna san India go raibh a bhaile dhuthchais Dúnló le beith fé an gcasúir do fuair sé cuid maith airgid, i mbannc éigin agus do cheannuigh sé é. Mar sin go ghlaic muinntear Mathghamhna seilbh ar Chaisleán Dúnló agus an duthaigh in a thímcheall arís, agus do choiméádadar é go dtí gur cheannuigh Mac Uí Annrachaín cúpla bliadhain ó shoin é. Do chuir Mac UÍ Annracáin lán crann ann - crann ó gach áird san ndomhan nách mór. Taíd le feiscint ann fós. Tá an chuid do'n chaisleán a thóg Dómhnall Caoch ar feabhas fós leis. Ach do réir an t-stúideír (?) a dhein Mac Uí Annracháin níl sé comh mór (?) leis an t-seana chaisleán. Do glach Mac Uí Annracháin an(continues on next page)
- Informant
- Liam Ó Cochláin
- Gender
- Male
- Age
- 72
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- Beaufort, Co. Kerry