School: Gleann Cotáin (roll number 12822)
- Location:
- Glancuttaun Upper, Co. Kerry
- Teacher: Liam de Longphort
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gleann Cotáin
- XML Page 415
- XML “Comharthaí Aimsire”
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Spéartha dearg thoir,Sneachta go glúin fir
Spéartha dearg thíar,
Sonnas agus síon
Spéartha dearg thuaidh
Sneachta go cruaidh
Spéartha dearg theas
Grían agus teas- Informant
- Diarmuid Ó Braoin
- Gender
- Male
- Age
- 66
- Address
- Gortagreenane, Co. Kerry
- Tá áit i nDoirenaféine ar bhruacha Locha Chúais, go nglaodhtar Sliabh an Óir air. In am na mbuachaillí mbána do bhíodar ag rith ós na ceithearnaig Shasanaig. Do chuadadar i bhfolach in áit ar a nglaodhtar Plás na mBuachaillí mBána.
Robálaithe beadh iad, agus bhí a lán rudaí d'ór agus d'airgead acu. Do chuireadar i bhfolach é in áit eigin. Ní raibh aon chúntas ag aoine cár fhágadar é, ac do chuala duine iad á rádh gur chuireadar é idir dhá fhaill go bhfuil aghaidh ar a chéile."
Ac thoisc an méid fhaill a bhfuil ar na(continues on next page)