School: Curraichín (B.) (roll number 15978)
- Location:
- Curraheen, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Scothlaoich
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)dúbhairt siesean go raibh. Bhí an oidhche ag teacht agus do chuaidh siad isteach i dtig a bhí ar thaobh an bhóthair. D'fhiafruig siad bheith istig ar feadh na h-oidhche agus dúbhairt fear an tighe leo bheith istig. Do chuireadar an t-asal agus an capall isteach sa stábla agus do chuaidh an bheirt a chodhladh. Tar éis tamaill bí an t-Eireannach 'na chodhladh d'éirigh an Sasanach agus do chuaidh sé amac sa stábla agus do ghearr sé na cluasa d'en asal agus do tháinig sé isteach arís agus do chuaidh sé a chodhladh. Do chuala an t-Éireannach é agus ní dúbhairt sé aon rud. Nuair a bhí an Sasanach 'na chodhladh d'éirigh an t-Éireannach agus do chuaidh sé amach sa stábla agus do thóg sé sgian beag amach as a phócha agus do ghearr sé an dhá thaobh de'n gcapall agus do tháinig sé isteach. Do chuaidh sé a chodhladh arís agus níor chualaidh an Sasanach é mar bhí codhladh(continues on next page)
- Collector
- Seán Ó Seághdha
- Gender
- Male
- Age
- 15
- Address
- Curraheen, Co. Kerry
- Informant
- Ristéard Ó Neachtain
- Gender
- Male
- Address
- Curraheen, Co. Kerry