School: Caisleach (roll number 16018)
- Location:
- An Chaisleach, Co. Kerry
- Teacher: Pádruig Breathnach
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caisleach
- XML Page 272
- XML “Scéal”
- XML “Na Daoine Maithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)is lá go dtí an áit a chonnaic sé na fir ach an buideal a lionadh le biteala, agus é tubhairt le n-ol dóibh agus nuair a bheadh ac ceathramadh fear ag ól an buideal a thogaint uaidh agus rith abhaile leis agus é tubhairt le n-ól don cailín agus go mbead sí abalt ar chainnt. Dhein sé amhlaidh nuair a bhí an bliadhan is lae caithte agus thainig an cainnt tharnais don chailin, agus pósadh iad. Agus caitheadar saoghal suaimhneas lé cheile agus nior ól sé a thuile.Seán Breathnach 06/12/1934
Diarmuid Ó Síodcháin d’aithris - Na Daoine MaitheFadó ní raibh talamh na h-Éireann roinnte in aonchur agus bhíodh na ba go léir ag inbhear i bhfochair a chéile. Bhíod aodaire bó ins gach baile agus bhíod sé ag tabhairt aire do’s na ba agus caitheadh sé oidhche ins gach tig. Bhí cailín i bParaoiste na Faille Móire agus bhí sí chun posadh acht ní raibh aon spré aici. Chuaidh sí fé dhéin na daoine maithe a bhí lán cómhactach san am sin agus d’innis sí a sgeul dóibh. Tá go maith ars siad bfeidir go gcabaireomais leat. Bhí cómhrádh ag na daoine maithe oidhche agus shocruigeadar oidche chun dul go Paraoiste na Dromada agus na ba do goid(continues on next page)
- Collector
- Máire Ní Dhálaigh
- Gender
- Female
- Informant
- Mícheal Ó Donghaille
- Gender
- Male