School: Caisleach (roll number 16018)
- Location:
- An Chaisleach, Co. Kerry
- Teacher: Pádruig Breathnach
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caisleach
- XML Page 283
- XML “Filíocht - Tuirne Lín”
- XML “Muintir Chill Mhic Iarainn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Ta gleasa’ leitreacha chúghainn ag tíocht,
Má chliseann an casadh ‘s an túirne lín.Scríbhte le Seán Óg ODála
Oilean-buidhe,
Ó béal aithris Michíl Uí Mhoráin – An’ Caoile, 18-10-1936 - Muinntir Cíll Mic IarrainnBhí dream deagh mheabhrach i bpróiste na Dromada fadó i mbaile go glaodtar Cill Mhic Iarrainn air. Bhí triur ban aca ag teacht o Cathair Saidhbhín lá nuair a tangadar go crois Ucar Mong. Connaic duine aca píosa óir ar an mbóthar. D’íslig sí síos cun é thógaint suas. Tháinig bean eile taobh thiar di, caith sí thairis amach agus annsan d’ísligh sí féin cun é thógaint suas ach caith an triomhad bean amach arís i agus do thóg sí féin an t-ór. Thósnuig an triur aca ag troid mar gheall air an bpíosa óir acht fé dheire do socruigheadar an sceal d’fhágaint fé an céad fhear bhuailfeadh leó. Ní rabhadar imthíghthe i bhfad nuair a bhuail fear leó, d’innseadar an sceul do agus dubhairt sé leo, “An ceann is fearr aca a dhéanfadh an t-amadán is mo da fear nuair a raghadh sí abhaile, is i sin a geobfhad an t-ór. Nuair a tháing an chead bhean bhí a fear istig roimpí d’áiteamh sí air narbh é a fear a bhí ann in aon chor. D’imthigh fear agus d’innis dá chomarsánaibh é. Tháinig siad leis go dtí an tig agus dubhradar le na mhnaoí mas é Tadg atá ann aithneochaidh an gadhar é do griosaig sí an gadhar leis, High Portar beir air an stroinséar. Dubhairt an duine bocht narbh é an fear ceart é féin in aonchor. Thainig an tarna bhéan agus dubhairt sí le na fear go raibh(continues on next page)
- Collector
- Donnchadha Ó Connchúbhair
- Gender
- Male
- Address
- An Chillín Liath, Co. Kerry
- Informant
- Pádruig Ó Síodhcháin
- Gender
- Male
- Address
- Com Beatha, Co. Kerry