School: Caisleach (roll number 16018)
- Location:
- An Chaisleach, Co. Kerry
- Teacher: Pádruig Breathnach
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caisleach
- XML Page 292
- XML “Píosa Filíochta”
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)mo bhreithre
As go dtabairfinn an saoghal a bheith sealadh id’ treó
Ag siubhal le na céile trí coillte na gcraobh glas
Trí gleannta trí sléibhte trí cnocaibh an cheóigh.24-11-1936. Caitlín Breamaí
Ó béal aithris Muiris Uí Chonnaill - SgealBhí fear ann fadó agus do chuir sé beirt ban a bhí aige agus ní raibh sé sásta gan an tríomhad bean do phósad. D’imthig sé air cun cleamhnas do dheanamh do féin agus níor stad go dtí gur chuaidh sé go Neidín. Chuaidh sé isteach i dtig go raibh cailín óg. D’fíar fear an tighe de cad a bhí uaid. Dubhairt gur ag lórg mná a bhí sé. Ó arsa fear an tighe is maith mar a thárlaig. Tá sé anso agamsa agus má deinimíd an tsocrúgad agus má thaithnigheann sibh féin le na chéile. Do dheineadar an cleamhnas gan moíll agus do cuadar go dtí an sagart cun an socrú a dheanamh. Seadh arsa sagart leis an ógánach ní féidir liomsa tú do pósad gan teistiméireacht do shagart paróiste do beidh agam ar dtúis. Ó, ní dhéanfhaidh san aon deifir arsan t-ógánach, geobhaidh mé é gan moíll. D’imthigh sé air go dtí a shagart féin cun an teistiméireacht dfághail uaidh. Conus dfeadfhainn é sin do dheanamh arsan sagart agus nar fiú tú é. Ó, ar son Dé Athair tubhair dom é ar slighe éigin. Fuair an sagart páipéar agus do scríobh sé ann:
Níl aige bóthán tighe ná troscán, agus is minic ar an gcnocán é ag bruingheatach.
Do mhairbh sé Siobhán an tarna leannán agus ní taise don donnán a bhí aige roimpe.
Bíodh sé ag gabháilt de smután idir a dá slinneán agus ba mhinic í ar féurán i dtig a muintir.(continues on next page)- Collector
- Caitlín Ní Chonnchúbhair
- Gender
- Female
- Informant
- Seán Ó Connchúbhair
- Gender
- Male