School: Caisleach (roll number 16018)

Location:
An Chaisleach, Co. Kerry
Teacher:
Pádruig Breathnach
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 312

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 312

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Caisleach
  2. XML Page 312
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    agus dúbhairt sé gurab é féin a dhíolfhadh gach pingin do agus do chuir sé a lámh ina phóca cun an t-airgead do dhíol nuair a dúbhairt an sclábhaidhi go ndíolfhadh sé fein gach pingin do. Dúbhairt an cléireach ná raibh fhios aige cad a dheanfhadh sé leó. Dúbhairt an gabha leis dallaid púicín do chuir air agus duine a bhearfhadh sé air go gcaithfheadh sé an t-airgead go léir do dhíol. Do chuir an cléireach an púicín air agus taréis tamall d’ealuig an gabha amach agus taréis tamall eile d’ealuig bheirt eile amach. Do bhí an cléireach ag imtheacht timceall an seómra agus do bhraith sé duine ag siúbhal in aice leis agus dubhairt sé “caithfhidh tú an t-airgead do dhíol.” Cé bhí ann ach fear an tighe agus do bhuail sé an cléireach. “Cuireadh geall” ar seisean “gur imthig na búachaillí uait gan díol.” D’innis an cléireach an sgeal do agus bhí ana fhearg air. An tarna oidhche dúbhairt an sclábhaidhi go raghadh sé féin i dtig cun lóisdín dfághail dhóibh. Do chuaidh sé isteach agus bhí daoine istig ag cóimhreamh airgead. Do chuaidh an sclábhaidhi suas chúca. Do thóg sé píosa airgid agus do leig anois ar an urlár arís agus gan fhios dóibh. Do ceapadar go raibh mórán airgead guidhthe aige agus do thugadadr go dtí an chúirt é. D’fhíarr an bhreitheamh air cad na thaobh ghuidh sé an t-airgead. Dúbhairt an sclábhaidí má ghuideas an t-airgead ní rabhas in aon áit ó
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1731: The Youth and the Pretty Shoes
    Language
    Irish
    Collector
    Caitlín Ní Choncúbhair
    Gender
    Female
    Informant
    Seán Ó Concúbhair
    Gender
    Male