School: Máistir Gaoithe (roll number 4463)
- Location:
- Máistir Gaoithe, Co. Kerry
- Teacher: Pádraig Ó Siochfhradha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Máistir Gaoithe
- XML Page 081
- XML “Paidreacha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Paidreacha
Fadó bíodh mórán paidreacha ag na daoine agus deirtí íad i gcómhair rudaí áirighthe. Cuir i gcás da mbeadh sé i na beus (béas) ag duine tromlaí do teacht air dearfadh sé an paidir seo ag dul a codhla. “Anam máthair Muire, Muire Máthair Críost, Elizabeth Máthair Eoin Baiste, an triúr san ar clúdh mo leabadh agus an crann gur crocadh Críost idir mé agus an tromlaí.”
Seo paidir a deirtí ar an Coróin Muire i dtig toramh, “Cuirimíd cúig paidreacha cun Dé agus cúig Abhé Máire leis an anam a bhí so corp so láithreach. Má bhí fuighil faoistine, dearmhad Aifrinn, baois óige ná aon smáilc eile ó’n t-saoghal so, Dia agus Muire agus Mícheál Naomhtha agus an dá easpol déag ag tabhairt fuasgailt fuarthan agus saor breitheamhnas a tabhairt dó.”
Seo paidir a deirtí nuair a bhídís ag dul tar roilg, “Beannuighim Dia a fíor-aoinne Criost atá annso ag feitheamh le aiseirghe glórmhar. Go dtabharfadh an Té a fuiling bás ar bhúr son suaimhneas sioraighe dhíobh.Áine Ní Sheághdha
Cillín-liath
Maistir-gaoithe.- Collector
- Áine Ní Shéaghdha
- Gender
- Female
- Address
- An Chillín Liath, Co. Kerry