School: Na Cnoicíní (roll number 13124)
- Location:
- Garranearagh, Co. Kerry
- Teacher: Seán S. Ó Cuimín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Na Cnoicíní
- XML Page 245
- XML “Pósaithe Fadó”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Pósaidhthe fadóIs í seasúr an Earraig is mó a phósann daoine san áit seo. Seo iad na laeitheannta ar a phósann daoine, Dé Máirt, agus Dé Satharn. Aon duine a bhíonn ag deanamh cleamhnais roimh na h-Ínide, agus ná h-éirigheann leis, téigheann sé go dtí Scéilg Mhichíl. Déantar cleamhnaisí in cheanntar so. Túgann an t-áthair a chuid stoic, agus a fheirm go dtí an mac ba shine, agus tugann sé a cuid airgeadh do na h-inghineacha, mar a glaodhtar an spré. Bhíodh cóisire mór acha fadó, agus ní bhíodh aon gluaisteán acha, ach capaill agus trucaillí clíathánacha. I dtíghthibh na bhfear a bhíodh na cóisirí fadó. Nuair a bhíonn fear cun pósadh, bíonn culaith eadhraig nua air, agus bíonn chulaith éadhaig nua ag an mnaoí leis.
Uaireannta bíonn feirm ag an gcailín, agus nuair a póstaí í thagadh an fear go dtí tig an chailín, agus tugadh clían-isteach ar an bhfear sin. Ní mhaith le h-aoinne pósadh ar Dé Luain, agus ar Dé h-Aoine. Thagadh muinntír an chailín go dtí tig an fhir, agus, scrúduigeann siad an(continues on next page)- Informant
- Séamus Ó Súilleabháin
- Gender
- Male
- Age
- 83
- Address
- Oghermong, Co. Kerry