School: Achadh Tiobraid (roll number 9878)
- Location:
- Aghatubrid, Co. Kerry
- Teacher: Tomás Ó Muircheartaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Achadh Tiobraid
- XML Page 164
- XML “An Cuigeann”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)stroinséar a thagann isteach gréas a mbuaileadh uirthi ar eagla go mbainfeadh sé an t-ím leis.Bheadh sé déanta in agaidh dhá uair a cluig dá mbeadh an bainne fuair, agus dá mbeadh an bainne te, deineadh siad níos tapúla. Nuair a bhíonn an bainne fuair, caitheadh siad uisce te a cur isteach ann. Oibrightear an dá láimh leis an loinithe, síos, suas an fhaid as a bhíonn an bainne ag suathadh.Nuair a bheadh sámhacha an loinithe glan gan rian ime innte, bheadh sé déanta annsan. Tógtar amach aníos len a ndá láimh, agus bíodh tubán fíor uisge cun an t-ím a cur isteach ann. Is suarach an obair í.Níghtir an t-ím i bhfíor uisce mar dá fagfidís ins an mbláthac é do loitheadh sé. Tógtar amach as an t-uisge sin, agus caithtear amach an t-uisge sin, agus cuirtear cúpla galúin uisge tar nais air. Cuirtear cúpla no ceathair de spiúin salann ins an tarna uisge. Faisg sa bpicil ansan é(continues on next page)