School: Achadh Tiobraid (roll number 9878)
- Location:
- Aghatubrid, Co. Kerry
- Teacher: Tomás Ó Muircheartaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Uisce CoisreacanTugann na daoine abhaile é, agus beannuigeann siad iad féin leis sin, nuair a thagann gála gaoithe, agus splanncaca, agus tóírnighe mór thimcheall an tighe, crothanna siad é aon uair ina mbíonn duine i mbaoghal bháis.Bíonn cómhacht fé leith ag baint le uisce coisreacan lae Nodlag mór, agus uisce Sathairn an Cásga. Beannuigeann an sagart trí bairrilí i Cathair Saidhbhín Satharn Cásga, agus tugann gach bean pé scéal é buidéal abhaile lei.
Bíonn an scéal ceadna aca i dtaobh an t-uisce coisreacain um Nodlag. Sé an brígh atá ag baint leis sin mar 'siad san dá lá is beannuithe sa bhliain lá Nodlag agus Satharn Cásga - áthas agus brón.
CréTugtar cré ó tuamaí i dteampall abhaile leo. Bíonn leigheas fé leith ag baint leis sin as roilg beannuithe. Caitear é sin do cur thar nais san ait, a geibhtear é. Aon nidh(continues on next page)