School: Baile an Sceilg (C.) (roll number 8350)
- Location:
- Baile an Sceilg, Co. Kerry
- Teacher: Bríghid Ní Fhianachta
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí báintreach ann fadó agus bhí beirt mhac aici. Bhí mac acu ana aerach agus an mac eile ana staidéartha. Chuir a mháthair lé ualach cruithneachtan lá go dtí an margadh é. Dhíol sé an t-ualach agus ar a ghabháil amach ó'n sraid chualaidh sé an argóint istig i dtig. Stad sé an capall agus chuaidh sé isteach. Sul a bhí ceathrar fear istig ag imirt chárta. D'fhiafhruígheadar air lúighe leó ag imirt. Ba gheárr gur buadhadh fiacha an coirce uaidh. D'imir sé léo an capall sa trucaill is gach air ghaibh lé. Buadhadh gach ceann acu uaidh. D'fhill sí abhaile cun a mháthair annsan.
D'fhiafhruigh sí dhe cár fhág sé an capall ach d'innis sé dhi cad a bhain do. Ar maidin amáireach dubhairt sé lé na mháthair(continues on next page)- Collector
- Eibhlín Ní Leathlobhair
- Gender
- Female
- Address
- Baile an Sceilg, Co. Kerry
- Informant
- Eamonn Ó Leathlobhair
- Gender
- Male
- Address
- Baile an Sceilg, Co. Kerry