School: Cill Rialaigh (roll number 14988)
- Location:
- Cill Rialaigh, Co. Kerry
- Teacher: Séamus B. Ó Lúbhaing
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Rialaigh
- XML Page 425
- XML “An tAoire agus an Sagart”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an fear leis.”Ní théighim a dubhairt sé. “Dá bhfágfainn na caoire seo
agus aon nídh a imtheacht ortha faid a bheinn uatha, bheinn ag déanamh gnó bun os gcionn ar an máistir. Ach a bhfeiceann tú an chloch santhuas níl aon tráthnóna ná go dtéighim ar mo ghlúine os a comhair agus deinim faoisdine mo pheacaí léi.” “Téanam i n-éinfeacht liom-sa indiu” arsa an fear leis “agus táim ag tabhairt focal duit nách baoghal do’s na caoire go dtagair thar n-ais”. D’imthigheadar i n-éinfeacht go dtí an t-aifreann agus nuair a chuadar isteach sa t-seipéal¸bhí sgáth na gréine ag teacht isteach trí fhuinneoig an t-séipéil. Do chaith sé a chasóg treasna ar an sgáth agus do choimeád an sgáth suas an chasóg. Do thug an sagart fé ndeara go maith é agus an chasóg chomh maith. Sé an seanmóin a bhí ag an sagart an lá san gur cheart do’s na h-aoinne an bóthar díreach do leanúint.D’éirigh gach aoinne amach ó’n aifreann agus an bóthar go raibh sé seo ag teacht thar n-ais go dtí an áit go raibh sé ag aoireacht, bóthar pludaigh a b’eadh é a bhí lán de shlogáin. Do bhí sé seo ag sádhadh trís na slogaí agus tríd an phluda agus(continues on next page)- Collector
- Maidhchín Shéainín
- Other names
- Maidhchín Shéainín
- Mícheál Ó Siochfhradha
- Gender
- Male
- Age
- 31
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Buaile Uí Chuill, Co. Kerry
- Informant
- Pádraig Ó Súilleabháin
- Gender
- Male
- Address
- Baile an Sceilg, Co. Kerry