School: Currach Beag (roll number 10721)
- Location:
- Coarha Beg, Co. Kerry
- Teacher: Máire, Bean Uí Dhrisceóil
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Lá amháin bhí beirt sagart ag siúbhal an bhóthar le na chéile, sagart óg agus sagart aosta. Bhuail fear leó ar an slighe. Eóghan Ruadh ó Suilleabhán abainm don fear. Bhí na fiacha dubha ag eitilt tímcheall ortha. D'fiafruig an sagart óg d'Eóghan cad a bhí á rádh ag na fiacha dubha. Bhí fearg ar an far mar bhí fhios aige gur ag maghadh fé a bhí an sagart agus dubhairt sé leis
nuair a thiocfhaidh an míol mór ar an Maí,
nuair a thiocfhaidh an franncach go Sliabh Mis,
nuair a chaillfidh an sagart an tsaint,
seadh a thiocfhaidh cainnt don bhfiach dubh.- Collector
- Seán Ó Concúbhar
- Gender
- Male
- Informant
- Mícheal Ó Séaghdha
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Valencia Island, Co. Kerry