School: Aughnahilla, Stradbally (roll number 16017)
- Location:
- Aghnahily, Co. Laois
- Teacher: Annie Lawlor
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Luigheann an ceanntar seo leath-shlighe idir Portlaoighse agus Sráid Bhaile Laoighse. Ritheann boithrín suas ón phríomh bóthar taobh le Caisleán Dúnamais agus is ar aghaidh an seana áit staireamhail sin atá an scoil seo- Achad na h-Aille - suidhte.
Direach ar aghaidh na scoile tá an caisleán mar do chomhnuigh na Moraidh in caláid, atá anois fuair follamh agus imtheacht 'na fhothracha acht ní mar sin bhí tráth. Téigheann stair an chaisleáin sin arais go dtí ám Chonaill Chearnaigh féin. Deirtear linn go raibh muinntear ó Mhórdha síolruighthe ó Conall Cearnach agus gur bhain sé amach Caisleán Dún-an-ais le cabhair "Ridirí na Craobha Ruadh" timcheall Ré na Críostaidheachta. Gabh na Loclanaigh é agus cailleadar arís é; na Normánaigh mar an gcéadna. Bhí sé i seilbh Eoghain Ruadh Ó Néill ar feadh tamaillín ach 'sé in ám Chromail a déanadh an leár-sgrios ar fad air.
Gabh saighdiúirí Chromail an caisleán(continues on next page)