Scoil: Garrán, Drom Dhá Liag (uimhir rolla 11274)
- Suíomh:
- Garranes South, Co. Cork
- Múinteoir: Conchobhar Ó Drisceoil
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Cé buaileadh umam ach m'athair agus "Blood an' ouns
Paddy what brought you here" aige.Searrach baineann a bhí ag an láir agus thánag chun gabhar acheannach idtreó is go mbeadh bainne gabhair againn do'n searrach arsa mise.Cuir sé a láimh in a póca agus thug sé giní dhom
"Ceannuig do rogha gabair san aonach" ar séDo ghluaiseas liom nac (?) an diabhal gabhar a cheannuigh mé ná an diabhal searrach a bhí ag an láir.
* * * * *
Seo sgeal eile a innseadh an fear ceadna:-Thóas amach mo shleagh liom agus do ghabhas síos go Scairbh na-hInidhe. Do chonnac an bradán ag cur roimis an abha suas. Thugas trí coiscéim ar bharra an uisge agus thugas liom é de chosa (?) thirme agus go deimhin ní fheadar ar shrois sgiort mo chasóige an uisge.Bhí deich bpúint ar fhicid meádhchaint sa bradán san.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Chinnseamáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Liam Ó Cinnseamáin
- Gaol
- Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 85
- Seoladh
- Bauravilla, Co. Cork