School: Bréan-tráigh (B.)
- Location:
- Unionhall, Co. Cork
- Teacher: Tomás Ó Donnabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá beagán curtha síos ár Sheán Máíghistir i mbearla agus i ngaodluinn cheana agus dá bhrígh sin ní sgríóbhfad annso ach cúpla sgéal ná fuil i gcló fós. San bparóíste seo Mídhros do chómhnuig an file, agus bhí tig ar chíos aige in-aice seipéil an stuicín ar bhár na Ceapaighe, agus is ann a bhí sé ''na mháighistir sgoile, in-aice na h-áite seo tá coill cois fairrge - an leaca riabhach - agus istig sa choill, tá "Leabhaidh an File" mar a chaitheadh sé a lán aimsire. Ag tagairt do'n choill seo a bhí sé nuair a dubhairt sé 'san "mBuachaill () Bán -: "Maidean laoighil fé dhuille chrainn glas,
Doire am ainair (?) cois imeall tragha."Agus airís a dubhairt sé in - amhrán eile -: "Crann crithe is "Déíl" a's craobh glas den chuileann mar dhíon,
A's duilleabhar na gcraobh mar éádach leaptha mo chínn."
Thimcheall leath-mhíle lastuaidh den t-séípéal ar taobh an tsean-bóthair bhí síbín - "Poll's Shebeen" an ainm a bhí air, agus is righ-mhinic a bhíodh Seán ar ramhcán ann. Bhí sé ar sheachrán lá agus luigh sé i gcoinnibh claidhe íseal ar thaobh an bhóthair, agus pé útamáíl a bhí ar siubhal aige shleamhnuigh sé thar chlaidhe isteach i lochán - "Lochán Buidhe," Bhí bean bhocht a bhí ar éádtromacht céille ag gabhail thar brághaid an uair chéádna, is chonaic sí Seán istig sa lochán. Dhein sí anonn air, is thug sí cabhair(continues on next page)- Collector
- Tomás Ó Donnabháin
- Gender
- Male