School: Céim an Fhiaidh, Béal Átha'n Ghaorthaidh (roll number 16210)

Location:
Céim an Fhia, Co. Cork
Teacher:
Donncha Ó Súilleabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 023

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 023

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Céim an Fhiaidh, Béal Átha'n Ghaorthaidh
  2. XML Page 023
  3. XML “Cuntas i dtaobh Bruíne Eile - Muintir an Bhunáin v Muintir an Ghúgáin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí sé de nós ag muinntir an Bhunnáin go dtagaidís oidhche fé leith sa Ghúgan Barra chun seal ragairne agus óil do bheith aca. Is minic a bhídís ag leigint ortha gur chun paidreoireachta go dtí an t-oileáin naomtha Fionn Barra a thagaidís ach d'réir mar inneosthar duinn anois is beag craibheachta a bhí ag baint leo an tráth san agus gur mó go mór an dúil a bhí aca i dtroid ná i n-úrnaighthe. D'réir deallraimh bhí acrann éigin idir muinntir an Bunáin agus muinntir an Ghúgáin uair éigin roime seo agus bhí an dá dream ag ullmhughadh ar feadh ráithe chun go mbeadh troid ceart aca a thaisbeaínfeadh ciaca dream ba mhó neart cuislinne. Bhí Muinntir an Ghúgain ag gearradh maidí coll agus dá stálughadh i gcomhair oidhche na bruighne. Ní raibh móran fear sáithte san obair seo, is ar éigin a bhí fiche fear ar gach taobh.Fir dána láidre abeadh lucht an Bhúnáin an mhuinntir ó'n bparóiste sin an Bunáin i n-Iarthar Theas Chiarraighe agus ní raibh aon easbadh caráiste ar na fearaibh a bhí ag troid ón mball so.
    Bhí tosach na h-oidhche ciúin, gach dream na sheomra féin ag ól agus ag amhrán ach d'réir mar a ghabhann an sgéal sa cheanntar so b'iad muinntir an Bhunain a thosnuigh an droch-obair. Thug duine de Mhuinntir an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Pádraig Ó Murchadha
    Gender
    Male
    Age
    62
    Address
    Gort Luachra, Co. Cork