School: Céim an Fhiaidh, Béal Átha'n Ghaorthaidh (roll number 16210)

Location:
Céim an Fhia, Co. Cork
Teacher:
Donncha Ó Súilleabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 036

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 036

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Céim an Fhiaidh, Béal Átha'n Ghaorthaidh
  2. XML Page 036
  3. XML “Scoil Scairte ar an Ghoirtín Fliuch”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Pádraig Ó Murchadha Gort Luachra a thug an teolas so dhom agus fuair sé an t-eolas ó na dhritháir críona Domhnall. Cailleadh Dómhnall timcheall cheithre bliadhna ó shoin.
    Bhí scoil scairte ar Ghoirtín Fluich tímcheall cheithre mhíle taobh thiar thuaidh de Beal-Áthá -Ghaorthaidh agus chaitheadh na scolairí adhbhar teine a bhreith go dtí an scoil. Gearalthach ó'n Sgibrín a bhí ag múineadh ann. Bhíodh tímpal sé duine déag ar fhichid ag freastal ar an scoil agus ós rud é go raibh an scoil i n-aice na teórann idir Chorcaigh agus Ciarraighe bhí mic-léighinn ag teacht ó Cnocán a' Móna agus Cnoc a' Rudaog i gCiarraighe ag freastal uirthe agus daoine ós na bailtibh seo i gConntae Corcaighe, Gort Luachra, Doire na Buairce, Cúm Dorcha, Goirtín Eoin, Goirtín Fluich, Leacha Bhán, Carraig Bán agus Ladhar na Gaoithe.
    Is i dtightibh na macléiginn a bhíodh an múinteóir ag cur fé. Níl fhios ag aoinne annso cad é an págh a gheibheadh sé. Múineadh sé Béarla, Mathematic, Tir Eolus, Stair, Gaedhluinn agus Gramadach. Bhíod leabhair ag na páistí scoile. Do dheineadh na leanbaí roinnt sgríobhneóireacta. Slinnte a bhíodh acu cun sgribhneóireachta. Bhíodh saghas éigin
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Location
    An Goirtín Fliuch, Co. Cork
    Informant
    Pádraig Ó Murchadha
    Gender
    Male
    Age
    62
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Gort Luachra, Co. Cork