School: Toames, Maghcromtha (roll number 15478)
- Location:
- Tooms, Co. Cork
- Teacher: Seán de Búrca
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear i gCnoc Fhadráin fadó agus Pádraig Mac Aoidh ab anim do. Gadaidhe bóthar dob eadh é. Bhí sé ann timpheall seachtnó blian o thoin. Tá fothrac an tithe 'nor chómhnuig sé le feiscint fós.
Cé gur gadaidhe é bhí deagh- théithe aige. Deirtear nár ghoid sé riamh acht uair amháin o dhuine bocht. Is ós na daoine saibhre a ghoideadh sé i gcomhnuidhe agus thugadh sé cuid den airgead sin dos na daoine bochta. Uair amháin ghoid sé o duine in Inse Geimleach ná raibh puinn saibhris saoghail aige agus chuir an sagairt malacht air.
Timcheall seacthmhaine in a dhiadh sin bhí sé chun tithe an Baruig Móir i gCarraig An Eas' do robáil oidhce áirighthe ach bhí an Barrac 'na dhuíseacht agus d'airig sé Pádraig ag an bfuinneóig agus sgaoil sé urchar leis agus bhuail sé Paidí sa mhéir. Tháining Paidí go Cnoc Fhadhróin agus tháinig an Barrac 'na dhiadh mar lean sé rian na fola.
Cuineadh Paidí isteach i bpriosún. Fuair an barac párdún do airís agus thug sé mórán airgid do chun dul go h-America agus fanamhaint ann mar bhí eagla air go marbhóchadh Paidí é nuiair a tiocfadh sé amach. Cuaidh sé ann agus fuair sé bás ann roinnt beag aimsire ó shoin- Informant
- Seán Uí Laocha
- Gender
- Male
- Age
- 52
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Mountmusic, Co. Cork