Scoil: Páirc an Iarla (uimhir rolla 9303)
- Suíomh:
- Rathpeak, Co. Roscommon
- Múinteoir: Ss. Ó Maonaigh
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0273, Leathanach 051](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0273%2FCBES_0273_051.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0273, Leathanach 051
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Páirc an Iarla
- XML Leathanach 051
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)buaidhte aige.
Nuair a bhí an chaora díolta ag Diarmuid tháinig an-bhrón air agus ní raibh fhios aige cén leith-sgéal aige do'n mhaighistir.
Chuir sé an láidhe in-a seasamh insan talamh agus a chasóg ar crocadh uirre ag leigint air gurab é an maighistir a bhí ann.
An maighistir: "Céard a bhain don chaora, a Dhiarmuid?"
Diarmuid: " Cailleadh í, a mhaighistir."
"Ní dhéanfadh sin an gnó," arsa Diarmuid leis féin.
"Bainfidh mé iarracht eile as. Báthadh í, a mhaighistir.
Ní dhéanfadh sin an gnó acht an oiread. B'fhearr a bheinn as dá n-innsighinn an fhírinne."
Nuair a cheistigh an máighistir é d'innis sé an fhírinne agus bhuaidh sé.
Bíonn an fhírinne searbh ach buadhann sí gan dearmad.- Bailitheoir
- Martin Rourke
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 18
- Gairm bheatha
- Farmer's son (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Rathpeak, Co. Roscommon