School: Drom Clúmhach (Dromclogh) (roll number 16246)
- Location:
- Dromclogh, Co. Cork
- Teacher: Riobárd Ó Ceallaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- In-áiteanna ditheadh na daoine dhá bhéíle bidh agus in-áiteanna eile d'ithidís trí béilí. 'Sé an breicfeast agus an suipéar an dá bhéile nó an breicfeast, an dinnéar agus an suipéar na trí béilí. D'ithidís an breicfeast timcheall ar a h-ocht a chlog agus an suipéar timcheall ar a sé um thráthnóna. Bhíodh an dinnéar ann timcheall ar meadhon lae.
Ba ghnáthach leis na daoine obair a dhéanamh roimh an gcéad bhéile ar maidin san Samhradh. Bhídís ag baint féir agus sa bhFóghmhair bhídís ag baint prátaí.
Sé an biadh a bhíodh ag na daoine ná prátaí nó min-bhuidhe i gcóir an chéad bhéile agus prátaí igcóir an t-suipéir.
Do h-óltaí a lán bainne, bainne reamhar beirbhighthe don gcuid is mó.
Do bhíodh arán aca uaireanta - déanta de min-bhuidhe nó de phrátaí. Uaireanta bhíodh arán speisialta aca ar a dtugtaí "Staimpí." Deintí é de phrátaí; do bristí na prátaí 'na mion-chodanna agus do fásgtaí iad i bpíosa éadaigh. Ansan do beirbhightí iad os cionn teine móire.
Bhíodh an bórd ar chrochadh leis an bhfalla nuair ná bíodh béile ar siubhal.
In-áiteannaibh freisin bhíodh prátaí agus bainne géar ages na daoine i gcóir an bhreicfeasta.