School: Clanna Caoilte (B.) (roll number 12286)
- Location:
- Clonakilty, Co. Cork
- Teacher: Ss. Ó Síthe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Clanna Caoilte (B.)
- XML Page 172
- XML “Tuirse na nGabhann”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)thar pháirc na raibh mór cuid- stuic agus féar 'na mbun."Dá mbé do thoil é dealag do chaitheamh anuas de shlapar an chrainn" ar sise. Bheinn gan cúram mhuise! ar seisean, d'imthigh sí gur bhuail impi duine eile mar é. D'iarr sí an rud céadhna air. "Ná mór an cúram atá ort ná féidir leat do lámh a choimeád air" ar seisean. D'imthigh sí léi go dtí go raibh sí a gabháil thar cheárdcha agus bhí an gabha i mbéal an dorais. Connaic sé an bhean agus an leanbh sa bhrat ar a drom agus an lámh eile a choimeád an bhrait ar a éadan, a dhá láimh gabhtha suas. " Cad na thaobh ná fuil biorán id bhrat agat", ar sé, agus gan do lámh a bheith á choimeád ."Tar isteach" arsa sé, agus gheobhad rud éigin duit". Chuir an gabha a lámh isteach 'na phóca agus tharraing sé píosa airgid amach agus do dhein sé biorán de ná deineadh i leithéid ó shoin i leith. Níor thóg sí a súla de fhaid is a bhí sé ag déanamh(continues on next page)
- Informant
- Mr John Keohane
- Gender
- Male
- Address
- Bealad East, Co. Cork