School: Clochar na Trócaire, Clanna Caoilte (roll number 7651)

Location:
Clonakilty, Co. Cork
Teacher:
An tSr. Treasa
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0311, Page 269

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0311, Page 269

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, Clanna Caoilte
  2. XML Page 269
  3. XML “Naomh Fachtna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    na Mainistreach. D'fhan sé mar a raibh aige gur shroiseadar an áit agus annsan d'órduig sé dóibh na capaill do sgaoileadh agus an t-arbhar d'fhágaint 'san áit sin go dti maidin Dé Luain. Ni rabhadar toilteanach san do dhéanamh agus thug duine acu iarracht ar dhul ar aghaidh. Ach labhair an naomh arís agus chuir in -iúl dóibh go raibh naomh-ghnás ar siúbhal thall 'san Róimh agus gur cheart stop do chur le h-obair saoghalta an fhaid is bhí ar siúbhal le linn é sin do rádh leig sé an bachall a bhí 'na láimh síos ar an dtalamh. "A' gcloiseann sibh aon nídh" ar seisean "Cloisimíd cluig á mbualadh" ar siad "S'iad san cluig na Róimhe" ars an Naomh.
    D'fhágadar an t-arbhar mar a raibh sé cé go raibh sé díreach in aice an tóchair i slighe go mbáthfaí é nuair a bheadh sé 'na lán-mhara.
    Ar teacht thar n-ais dóibh maidin De Luain bhí an t-arbhar cómh tirim le púdar agus i bhfad níos truime ná mar a bhí ar fhágaint dóibh ann é.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
    Collector
    Domhnall Ó Laoghaire
    Gender
    Male
    Age
    13
    Address
    Clonakilty, Co. Cork
    Informant
    An tSiúir Colm le Muire
    Gender
    Female
    Address
    Clonakilty, Co. Cork