School: Clochar na Trócaire, Clanna Caoilte (roll number 7651)
- Location:
- Clonakilty, Co. Cork
- Teacher: An tSr. Treasa
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)na Mainistreach. D'fhan sé mar a raibh aige gur shroiseadar an áit agus annsan d'órduig sé dóibh na capaill do sgaoileadh agus an t-arbhar d'fhágaint 'san áit sin go dti maidin Dé Luain. Ni rabhadar toilteanach san do dhéanamh agus thug duine acu iarracht ar dhul ar aghaidh. Ach labhair an naomh arís agus chuir in -iúl dóibh go raibh naomh-ghnás ar siúbhal thall 'san Róimh agus gur cheart stop do chur le h-obair saoghalta an fhaid is bhí ar siúbhal le linn é sin do rádh leig sé an bachall a bhí 'na láimh síos ar an dtalamh. "A' gcloiseann sibh aon nídh" ar seisean "Cloisimíd cluig á mbualadh" ar siad "S'iad san cluig na Róimhe" ars an Naomh.
D'fhágadar an t-arbhar mar a raibh sé cé go raibh sé díreach in aice an tóchair i slighe go mbáthfaí é nuair a bheadh sé 'na lán-mhara.
Ar teacht thar n-ais dóibh maidin De Luain bhí an t-arbhar cómh tirim le púdar agus i bhfad níos truime ná mar a bhí ar fhágaint dóibh ann é.- Collector
- Domhnall Ó Laoghaire
- Gender
- Male
- Age
- 13
- Address
- Clonakilty, Co. Cork
- Informant
- An tSiúir Colm le Muire
- Gender
- Female
- Address
- Clonakilty, Co. Cork