School: Baile an Bhuitléirigh, Tigh Molaga
- Location:
- Butlerstown, Co. Cork
- Teacher: Mícheál Ó Muimhneacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do bhí fear bocht ann fadó ins an droch shaoghal agus Sasanach ab eadh é. Do bhí bean agus páisti aige. Ní theigheadh sé go dtí teampall ach go hanamh. Ní raibh obair na bíadh aige i gcóir na bpáistí Dinnis sé sceul don mhinistir agus dubhairt sé féin ná féadfad sé aon rélief do thabhairt dó. Aon lá amháin do chuaidh an sagart an treó agus d'innis sé don sagart go raibh easba bídh ortha Nuair a chuaidh an sagart abhaile do chuir sé a bhuachail le mála prátaí chuige. Lá na dhiadh do chuaidh an fear bocht ag triall ar an sagart agus dubhairt sé go n-iompuigheadh sé leis. Dubhairt an sagart leis cuimhneamh níos feárr air féin D'iompuig sé 'na Chaitileach agus bhíodh sé ag an Aifreann gac aon Domhnach. Ana Caitiliceach do b'eadh é as san amach. Nuair airig an mhinistir é do tháinig sé chuige agus dúbhairt sé leis gur dhíol sé a chriedeamh ar mhála prátai. "Má díolas é" adubhairt an fear bocht, "níor bhfiú leat é"
- Informant
- Diarmuid Ó Ceócháin
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Occupations
- Feirmeoir
- Iascaire
- Address
- Lisleecourt, Co. Cork