School: Baile an Bhuitléirigh, Tigh Molaga
- Location:
- Butlerstown, Co. Cork
- Teacher: Mícheál Ó Muimhneacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile an Bhuitléirigh, Tigh Molaga
- XML Page 078
- XML “Baintreach Bhocht”
- XML “Tigh Molaige”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do bhí bean ann fadó. Baintreabhach bhocht do b'eadh í. Do bhí mach aici agus ní raibh aici ach é. Do bhíodh sé ar bád seoil agus bíodh an bád ag tabhairt guail ó Shasana. Aon chúrsa amháin do bhí sé ar a shlighe anall, nuair a shéid sé gála gaoithe agus storim anoir andheas. Do bhí an bhean bhocht ana mhór ag gol gac aon lá agus ag cuimhneamh go raibh a mach caillte. Do bhí fear na chómhnuidhe ar an mbaile chéadhna. Do chuaidh sí ag triall air féachaint cad déarfad sé leí. Dúbhairt sé leí mar a raibh sé i gCuan Cluthar na Léime i gCaisleán Ban Tighe Molaga nó i gCuan na gCuans[?] go raibh sé caillte. Nuair a chuimhnig sí fuair sí cúntas go raibh sé sábhálta i gCaisleán Bán Tighe Molaga.
- Bhí Naomh Molaga in a chómhnuidhe i dTigh Molaga. Thóg sé mainistir i gCill Dara in aice Mainistir Fhearmuighe agus annsan tháinigh sé go brúach an Airgidín chun ceann eile do bhunúghad ach níor éirigh leis an céad uair mar an méid a thóg sé ar feadh an lae do leagfí ar feadh na h-oidhche é. Cheap Naomh Molaga narb é thoil Dé an Mainistir do chur suas san áit sin. Sholairig sé punann agus thóg sé coinneal ón althóir isteach ann. Chuir sé an punann ar snámh san abhainn. Do stad sé san áit na bhfuil fothrach an mhainistir anois agus thóg sé an mainistir ann.