Scoil: Áth Dúna, Gleann an Phréacháin, Mainistir Fhearmuighe (uimhir rolla 12542)
- Suíomh:
- Chimneyfield, Co. Cork
- Múinteoir: Seán Ó Duinnshléibhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Áth Dúna, Gleann an Phréacháin, Mainistir Fhearmuighe
- XML Leathanach 458
- XML “Prátaí”
- XML (gan teideal)
- XML (gan teideal)
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Prátaí
Prátaí deasa, deasa, deasa.
Is lán an talman ann díobh,
In iúil chun biadh chun síol, chun margadh
Gan sceócán, criochán na falcaire
Ach amháin prátaí deasa, deasa, deasa. (gan teideal)
“Cad é sin a cluinim uait, ...”
Cad é sin a cluinim uait,
A dhuine sin is binne glór
Níl toirmeasg ins an meisge seo,
ach luaidheacht mór.
Tá an oiread san aice de's na buadhaibh is mó
Go gcuireann sé ionat san duine bheadh cruaidh go leór(gan teideal)
“Geobhar mar a bhfuil ann...”
Geobhar mar a bhfuil ann
Tá ann agus ní bhfuighir
Dá mbeadh a geobhfá
agus Geobhfá ní bhfuighfir.(gan teideal)
“Cailín agus buachaill go mór le céile...”
Cailín agus buachaill go mór le na céile i gan fhios dá mhuintir.
Tháinig an garsún go tig an cailín lá chun [?] fhághail
Ní raibh fhios aige go raibh athair an cailín 'stig agus 'd'eitigh an cailín mar seo tuas -Ní meisge is leisge liom,
Ach leisge an mheisge d'feicsint orm,
Bin ndégh bhugh is cliste an ceann
Is ní tagann an meisge gan mí-greann.