School: Baile Choitín (B.) (roll number 16109)
- Location:
- Ballycotton, Co. Cork
- Teacher: Liam Ó Rignigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Choitín (B.)
- XML Page 075
- XML “Scéalta Crábhaidh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá, alán scéalta crábaidh ag na Gaedhil. Deirtear go bhfuil crois ar mhuin an asail. Mar nuair a bhí Naomh Mhuire agus ár Slánuightheoir ar mhuin an asal a dul go dtí "Egipt" bhí figúir na croise fághtha ar a mhuin.Deireann na daoine go bhfuil gob aisteach ar einín ar a dtugtar "cros-gob" mar nuair chéas na Giudaigh Íosa Críost ar Aoine Céasta agus nuair a bhí ár Slánuightheoir tairnighthe ar an gCroich aca dimthig siad abhaile. D'fhág siad an Chroc in a seasamh agus Íosa Céasta uirthi. Tar éis tamaill tháinig an t-éan beag san thart. Chonnaich sé Íosa Céasta ar an gCroic agus bhí truag mór aige Dó. "Saorfaidh mise Thú a Iosa" ars' an t-éan. Dhein sé iarracht agus iarracht eile leis na tairngí a tharraingt amach as corp Íosa le na ghob. Acht bí na tairngí ro mhór agus ró-láidir agus theip air iad a tharraingt amach. Ní raibh a ghob sáthach láidir leis na tairngí a tharraingt. Dhein sé iarracht(continues on next page)
- Collector
- Seoirse Ó Rignigh
- Gender
- Male
- Age
- 8
- Address
- Ballycotton, Co. Cork