School: Ballintotas (roll number 15165)
- Location:
- Ballintotis, Co. Cork
- Teacher: Tadhg Ó Coileáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ballintotas
- XML Page 306
- XML “Seanrá”
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- "Is teó aon phuth de'n ngaoith andeas na teinte ceap an domhain."Sean-rádh é seo a chuala ó bhéal Mhichíl Uas Mac Cárthaigh oide scoile, ag Ross Mór, Béal-Átha-Fhingín, Co Corcaighe. Chuala seisean é, a dúbhairt sé, ó sheanduine darab ainm Seosamh Ó Donnabháin, Cathair Circe, Ros Mór. Chuala ó'n oide scoile é i 1923, agus bhí breis is seachtmó ag sean-Sheosamh an uair sin. Cailleadh cúpla blian 'na dhiaidh san é, agus d'éirigh an Cárrtach as an múinteóireacht timcheall na bliadhna 1930.
- Informant
- Mícheál Mac Cárthaigh
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Scéal é seo do nocht Muiris Ó Foghludha, Tigh Ósda Árd na h-Ínse, Garrda Bhuaidh, Co Corcaighe, dá lucht éisteachta, i Mí Lúghnasa 1937. Duine de'n lucht éisteachta, darab ainm Peadar Saomair, a thug an scéal domh-sa tamall beag 'na dhiaidh sin. Duine meadhon aosta seidh Muiris agus tá se 'na fhear friothála san tigh ósda le cúig bliadhna nó mar sin. Oide scoile 'seadh P. Saomair agus tá scoil aige ag Teampall na Carraige, ceithre míle nó mar sin ar an dtaobh thuaidh de Mainistir na Coran. Gairid do'n tráigh, ag Garrdha Bhuaidh, a rugadh Muiris Ó Foghludha.(continues on next page)