School: Baile Giolla tSionáin (C.)
- Location:
- Ballygiltenan Upper, Co. Limerick
- Teacher: Máiréad, Bean Uí Chathaláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Giolla tSionáin (C.)
- XML Page 037
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Seo cuid de sna piseogaibh go mbíodh baint aca le lá Bealtaine...”
(continued from previous page)Seo cuid de sna piseogaibh go mbiodh baint aca le lá Bealtaine. Cuirtí an teine i n-éag istoidhche, oidhche lae Bealtaine, ar fuaid na dúithche, agus ní deintí í lasadh arís go dtí tar éis eadarthra amáireach. Ach lá Bealtaine, dá mbeadh sé de mhí-ádh ar dhuine í adú roimh aimsir eadarthra, nó go dtí go mbeadh na ba crúidhte, pé scéal é , bheadh drochchómharsa mná éigin, b'fhéidir, ag faireadh ar a thigh, féachaint an bhfeicfeadh sí an deatach ag éirighe as roimh eadarthra cun a cuid piseoga do cur i bhfeidhm. Nuair a chífeadh an droichbhean so an deatach, bheadh ceirtlín de rud éigin aici i bhfuirm rolla ime, agus bheadh sí 'á chaitheamh fé dhéin an deataigh agus focail éigin mar seo ar siubhal aici, cun an ime bhreith léi ón gcómharsain:- "Im an deataigh seo ar mo chuid bainne-se," agus mar sin de, go dtí go mbeadh an t-im beirthe léi aici, dar léi.
Slí eile do bhiodh ag mná na bpiseog cun bainne a gcómharsan a' breith leo. Théigheadh siad i bhfolach i n-aice na h-áite go mbíodh na ba dá gcrúdhadh , agus bhídís ag faireadh le súil go ndéarmhódfadh an té bheadh ag crúdhadh na mbó an bhuarach. Cheangluighidís ar an gclabhar í; chuiridís soitheach fúithí, agus chrúdhaidís í mar a chrúdhfadh siad bó. Annsan bheadh bainne a gcómharsan aca.- Collector
- Máiréad Bean Uí Cathláin
- Gender
- Female
- Age
- 46
- Address
- Ballygiltenan Upper, Co. Limerick