School: Cnoc Uí Choileáin, Mainistir na Féile (roll number 10107)
- Location:
- Mountcollins, Co. Limerick
- Teacher: Pádraig Ó Coileáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Tóg "na daoine maithe" fear óg leo isteach i lios.”
(Thóg “na daoine maithe” fear óg leo isteach i lios. B’é “Cliodhna” an príomh duine sa lios. Chuaidh cailín óg go dtí an lios ag lorg an bhuachalla mar chéile)
Cailín Óg: “Muna bhfaighead Seán ‘ac t-Seumais faigh mo spré dhom”
Cliodhna: Áireamh an spré dhom
Cailín Óg: Seacht gcéad caisleán ar chnocán aolmhuigh,
Seacht gcéad gamhan ceanann reamhar bléimean,
Seacht gcéad bó druimeann craorach
Seacht gcéad each ar dhath a chéile,
Seacht gcéad caoire fé’n a lomraí gléigeal,
Seacht gcéad baisrle airgead raolaighe,
Seacht gcéad píop d’ór na Gréige
Seacht gcéad gabhar maol-odhar gan aon locht.(Bhí gach rud ag Cliodhna acht na gabhair gan locht)
Cailín Óg: Seo abhaile leat, a Sheáin ‘ic t-Seumais
Sin í Cliodhna agus a croidhe reulatha.Bhí an buachaill ar leath-shúil ag teacht amach dhó mar nár iarr an cailín ar Chliodhna é do chur amach ‘san riocht in ar chuaidh sé isteach. Pósadh iad.I.S. Tá an tosach dhe caillte.